Header

Menu

play soundclip for Amhran Pheter Baillie

Amhran Pheter Baillie

Mo chúig chéad slán le mo bháidín atá go fánach i Rosamhíl. Nár dheas í ag gabháil go hÁrainn lá breá nó gaoithe aniar! Ní bheadh deifir leis an am agam 's an ghrian ag teannadh siar, Bheadh airgead chuile lá agam, thabharfainn iasc go Rosamhíl. 's tá mo theachaín i lár an ghabháltais is bóithrín go tóin an tí. Shíl mé go mbainfinn sólás as ach ní mar sin féin a bhí, Mar bhuail an bás go hóg mé is bhain sé mo bhean phósta díom, 's d'fhág sin ar bheagán sóláis mé go deo nó go dté mé i gcill. Ó shil mo shúile deora le brón is le briseadh croí, ' lá ar dhún mé clár na cónra ar Mhary Rua is í ag gabháil i gcill; Bhí a gruaig ar dhath an óir bhuí is í 'na duala thar a básta síos; Sí d'fhág mo chroísa buartha go deo is ar feadh mo shaoil. 's nach iomaí sin contúirt mhór ó ariamh i m'óige a ndeachas tríd. Chuaigh mé i gcontúirt mo bháite i gContae an Chláir is in Inis Oírr; Thug Dia agus Muire slán mé as gach gábh dá ndeachas tríd; Níor theastaigh mé ón mbás is fuair mé spás nó go dtéinn in aois. Tá mise i bhfad as Éirinn 's mé in imní oíche agus ló, Go dtiocfadh an bás do m'éileamh is nach mbéinn réitithe faoina chóir. Chosnódh mo bháidín céad orm mé thabhairt go hÉirinn is go Leitir Móir; 's dá mairfinn go haimsir féile bheadh an céad agam gan stró. Is in aimsir Chrann na Páise a tharla an buaireamh seo i dtús an tsaoil; Nuair a thiomáin Iúdaigh táirní trí lámha is chosa Chríost; D'fhulaing Muire máthair na seacht ndólás le briseadh croí, Is fuair an Mhaighdean na seacht sólás in aghaidh gach dólás dár fhulaing sí. Is muide an ceathrú líne a shíolraigh ó Adhamh anuas. Is gearr go mbeidh ár dtéarma déanta is dáta an dá mhíle thuas; Tiocfaidh athrú ar an saol is beidh na cnoic is airde ag ísliú leo; Is dea-bhreith go dtuga an Tiarna do gach créatúr marbh is beo.

Available On

Other Artists

Versions

Original Version
General Humbert II
(1978)
- Side A Track 1 -
Other Artists